Ó Chéitinn go Raiftearaí:
Mar a Cumadh Stair na hÉireann
Coiscéim, 2011, x + 299 lgh.
Cad as a dtángamar mar náisiún? Cérbh iad laochra agus cladhairí ár staire? Cérbh iad na tubaistí agus na héachtaí a mhair i gcuimhne an phobail? Cérbh iad cuspóirí agus dílseachtaí na nglún a chuaigh romhainn?
Dlúthchuid d’fhéiniúlacht gach tíre is ea an leagan den stair a gcreideann a muintir ann. Sa leabhar seo, mínítear conas a cumadh insint shainiúil Ghaelach ar stair na hÉireann sa 17ú céad, conas a craobhscaoileadh agus a saothraíodh í san 18ú céad agus conas a buanaíodh í sa 19ú céad.
Scaipthe tríd an leabhar tá cúig cinn de dhánta stairiúla a léiríonn fás agus leanúnachas an traidisiúin dúchais staire ón 16ú céad i leith. Ina measc tá ‘Tuireamh na hÉireann’, an aiste is coitianta i lámhscríbhinní na Gaeilge agus ceann de na haistí liteartha is tábhachtaí dár cumadh in Éirinn riamh.
Is féidir Ó Chéitinn go Raiftearaí a cheannach ar líne ón gcomhlacht litriocht.com.
Tá innéacs an leabhair le fáil anseo mar chomhad PDF: 
|