Cúrsaí Staire:
Aistí ar an stair, ar staraithe, agus ar scríobh na staire

Coiscéim, 2018, 247 lgh.

Clúdach an leabhair

Is é atá sa leabhar seo cnuasach aistí ar an stair, ar staraithe, agus ar scríobh na staire. Ar na húdair a bhfuil saothair leo faoi chaibidil ann tá leithéidí Eric Hobsbawm, Jürgen Habermas, Daniel Corkery, Fernand Braudel agus Pierre Nora. Tá plé déanta ar thábhacht na ríomhaireachta, na teoirice agus na Gaeilge do shaothrú na staireagrafaíochta. Gheofar aistí sa chnuasach ar réimse leathan ábhar staire: náisiúnachas na Catalóine agus na hAlban, cúirteanna éigse an 18ú céad, gluaiseacht na nÉireannach Óg, polaitíocht Chonradh na Gaeilge, an Chéad Chogadh Domhanda, imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, agus tuilleadh nach iad.

Clár an leabhair

Réamhrá
1.    Crann nó éan?
2.    Slí na fírinne
3.    Tóir na ‘Gé Fiáine’
4.    Guthanna ón stair
5.    Teorainneacha na staire
6.    Stát nua de chuid na hEorpa?
7.    An cogadh in aghaidh na teoirice
8.    Ceist na teanga
9.    Ball dearmaid
10.  Fear darb ainm ‘Pearse’
11.  Léirmheas agus athmheas
12.  Céad taismeach an chogaidh
13.  Cath Chluain Tairbh
14.  Réabhlóid na faisnéise?
15.  Cíona lae na Gaeilge agus an stair
16.  Alba: calma nó stuama?
17.  Leanúnachas na staire
18.  Paisean agus réasún
19.  Oileán agus oileán eile
20.  An bhua san Eoraip
21.  An t-óg agus an sean
22.  Scálaí ama na staire
23.  An cló, an chaint agus an phoiblíocht
24.  Startha na Gaeilge
25.  Conradh na Gaeilge agus an pholaitíocht
26.  Aigne an phobail: guagach nó seasta?
27.  Ancien régime na hÉireann
28.  Bunús na gcúirteanna éigse
29.  Polaitiú na staire
30.  Comhairle don ábhar staraí
Innéacs

Agallamh

Labhair mé le Cormac Ó hEadhra ar Raidió na Gaeltachta, an 25 Bealtaine 2018. Is féidir éisteacht leis an agallamh anseo thíos:

       MP3

Léirmheasanna

"Morley's latest publication is a collection of short essays selected from his contributions to the website Cúsaí Staire (http://cstair.blogspot.ie/) written 2012-16. While he looks at the writing and the writers of Irish history in Ireland, he also includes international thinkers who who have expounded on the writing and interpretation of history in general, such as Eric Hobsbawm, Fernand Braudel, Pierre Nora and Jurgen Habermas. This collection places Morley's own radical work on Irish history within an international context. The lively and provocative essays are a very enjoyable taste of the many books reviewed, challenged or cited: all provided food for thought."

Cathal Póirtéir, Books Ireland, September/October 2018

"An argóint is mó atá ag Morley ná gur féidir tuairim agus meon poiblí a bheith ann gan an chlódóireacht agus tagann na smaointe tré na lámhscríbhinní agus, níos tábhachtaí ná sin, tré dhánta agus amhrán na ndaoine ... Tá na hailt gearr go leor, agus is maith sin mar piocann tú suas é, léann tú ceann agus bíonn sé agat ansin, ní bhíonn tú ag féachaint siar go dtí deireadh an leabhair chun an cur amach a bheith agat. Ana-sholéite ar fad."

Maura Cronin ag labhairt ar an gclár Léirmheas Leabhar ar TG4, an 4 Aibreán 2019

"Ba dhóigh leat gur cúrsaí na hÉireann is mó a bheadh i dtreis aige sna haistí seo, ach tá oiread sin eile ann mar gheall ar stair an domhain agus scríobh na staire féin.
Ina measc siúd mar ábhair tá an chéad chogadh mór, neamhspleáchas – nó easpa neamhspleáchais – na hAlban agus na Catalóine, Conradh na Gaeilge agus an pholaitíocht, dialanna, cúirteanna éigse agus Cath Chluain Tarbh gan dul níos sia leis an liostáil. Is é is tábhachtaí ná go bhfuil gach ceann de na haistí seo greanta agus solasmhar agus go mbíonn súil eile á caitheamh thart aige iontu ar na hábhair a bhíonn idir chamáin phléite.
Fairis sin, tá na haistí seo argóinteach, áititheach agus ní mian leis suí ar an gclaí in aon chonspóid díobh."

Alan Titley, Tuairisc, 6 Bealtaine 2020