Washington i gCeannas a Ríochta:
Cogadh Mheiriceá i litríocht na Gaeilge

Coiscéim, 2005, xliii + 124 lgh.

Clúdach an leabhair

Is é atá sa díolaim seo cnuasach d'amhráin agus de dhánta a cumadh i rith Chogadh Mheiriceá (1775-83). Tugann na dréachtaí atá bailithe anseo léargas dúinn ar an dearcadh polaitiúil a bhí ag cuid thábhachtach de phobal na hÉireann, léargas nach féidir a fháil ó fhoinse ar bith eile. Sa réamhrá a chuir an t-eagarthóir leis an gcnuasach, pléitear an neamart atá déanta ag staraithe i litríocht pholaitiúil na Gaeilge agus rianaítear an t-athrú a tháinig ar dhearcadh lucht labhartha na Gaeilge i rith an chogaidh.

Tá an leabhar seo le ceannach go díreach ó na foilsitheoirí nó tríd an suíomh litriocht.com.

Clár an leabhair

Brollach
Réamhrá
Imeachtaí na mblianta 1775-1783
1. 'Is trua liom na scéalta do chuala go déanach', Uilliam Ó Dábhoireann
2. 'Tráth dom ag smaoineamh ar chríochaibh an tsaoil seo', Seán Mac Cathail
3. 'Tráth inné is mé tnáite tréith', Eoghan Rua Ó Súilleabháin
4. 'A chraobha cumainn na nGael gcumais', Tomás Ó Míocháin
5. 'D'fhág na flaithibh is na fáidhibh feasach', Séamas Ó Dálaigh
6. 'Tá an cruatan ar Sheoirse', Eoghan Rua Ó Súilleabháin
7. 'Ar mo leaba araoir go déanach', Éamonn Ó Flaitheartaigh
8. 'Ag Sionainn na slimbharc cois Inse go déanach', Séamas Ó Dálaigh
9. 'A uaisle Inis Éilge de chnuascheap na nGael', Tomás Ó Míocháin
10. 'A ghasra ghrámhar, gháireach, ghreannmhar', Tomás Ó Míocháin
11. 'M'anam le suairceas ar uaisle na hÉireann', Philip Fitzgibbon
12. 'Maidin lae ghil fá dhuille géag-ghlais', Seán Ó Coileáin
13. 'Sealad dem shaol aerach iongantach', Seán Ó Muláin
14. 'Sealad am aonar cois Féile do bhíosa', Uilliam Ó Lionnáin
15. 'A ghéagaibh gníomha Choinn is Eoghain', Tomás Ó Míocháin
16. 'Tá leoghan lannach lúfar leathan lúbach láidir', Aindrias Mac Craith
17. 'Ciodh fada atá Seoirse brónach feargach', Ceallachán Mac Cárthaigh
18. 'Anois tuigim gur fíor nach díon is nach prapa', Maoilsheachlainn Ó Dúill
19. 'I Sacsaibh na séad i gcéin óm dhúchas', Eoghan Rua Ó Súilleabháin
20. 'Ar maidin Dé Luain is ea d'fhágas-sa Cluain', ‘Píobaire Chluana’
21. 'Tá néalaibh cumha le seal dom bhuairt', Tomás Ó Míocháin
Foinsí
Innéacs

Agallamh

Chuir Raidió na Gaeltachta agallamh ar an údar. Is féidir éisteacht leis anseo:

MP3

Léirmheasanna

"Molaim an leabhar seo go hard. Is díolaim filíochta is amhrán agus leabhar staire é in aon phacáiste amháin. Chan amháin go gcuireann Vincent Morley ardlitríocht na Gaeilge ar fáil dúinn, agus amhrán nó dhó don cheoltóir, ach tugtar léargas dúinn ar thréimhse thábhachtach staire ... Mar a thaispeántar sna dánta, chan ionann an bochtanas agus an t-aineolas."

Ciarán Dunbar, , 3 Lúnasa 2005

"Áitíonn an t-údar nár thóg staraithe ceann ceart den ábhar Gaeilge seo go dtí seo agus bréagnaíonn tuairimí staraithe faoin gcos-mhuintir agus feidhm na litríochta polaitiúla Gaeilge. Tá an trealamh scolártha go léir anseo: réamhrá fada ina ndéantar insint chumasach ar an ábhar; ansin tá téacs na ndánta; eolas ar an bhfile agus ar chóthéacs staire an téacs; tagairtí d'fhoinsí eile liteartha agus staire; foinsí na ndánta agus nótaí orthu."

Books Ireland, Meán Fómhair 2005.

"Gné cheilte go minic i stair polaitíochta na nGael, nó gné nár tugadh a cheart dó, a ndearcadh ar éirí amach na gcoilíneachtaí Meiriceánacha i 70í na 18ú haoise. Léiríonn Morley go raibh tuiscint mhaith ag na scríbhneoirí, agus dá réir ag a lucht éisteachta, ar a raibh ar siúl, murab ionann is a bhfuil maíte ag staraithe eile."

Comhar, Meán Fómhair 2005.

"Déileáltar leis an ábhar de réir a théarmaí tagartha féin, léirítear na coincheapanna agus an t-éabhlóidiú smaointeachais ann, ligtear do pheirspictíocht aos léinn a chumtha an scoláireacht a stiúradh ó thús go deireadh, soilsítear idir chúlra Eorpach is Meiriceánach ... Agus an t-áth mar a fuair roimis tógtha ag Vincent Morley, a bhó curtha thar abhainn go fearasta aige, níl le rá (leath idir mhagadh is dáiríre) ach gur chóir an cuan amach a thabhairt d'aon Ghaelbhách ná fuil an saothar so (agus síolshaothair dá leithéid) ar a sheilf aige."

Pádraig Ó Cíobháin, Foinse, 18 Meán Fómhair 2005.

"Pósadh bisiúil é solaoid an leabhair seo idir léann na staire agus léann na Gaeilge. Saibhriú a chéile a thoradh, agus is fearr i dteannta a chéile iad. Is cinnte go bhfuil pobal léannta na tíre ar fad buíoch den údar ... as a bhfuil curtha i gcrích aige go snasta slachtmhar anseo."

Liam Mac Peaircín, Feasta, Samhain 2005.

"Morley, [Breandán] Ó Buachalla and [Éamonn] Ó Ciardha have demonstrated that Gaelic poetry is more revealing of a political outlook than previously assumed; what is less apparent is how widely and deeply it impacted and how, if at all, it influenced action. In endeavouring to address these and other questions, it might be more productive to develop an amended model of [Jürgen] Habermas's 'public sphere' that investigated how the manuscript and oral culture of Gaelic Ireland interacted with the burgeoning 'public sphere' of English language political and other print, enhanced literacy and language change than to engage in linguistic point-scoring that echoes a more modern political argument."

James Kelly, Studia Hibernica, 33 (2004-5).

"... léiríonn Morley nach aon chaitheamh i ndiaidh laethanta glórmhara na patrúnachta faoi thaoisigh na meánaoise a bhí ar siúl ag na filí, ach tráchtaireacht léir i bhfriotal liteartha ar imeachtaí an domhain chomhaimseartha agus a dtionchar sin ar a gcás áitiúil agus náisiúnta féin.
      Is leabhar tábhachtach é seo, mar go bhfuil eolas máistriúil ann arna chur i láthair ar bhealach bríomhar, spéisiúil, dea-scríofa, a thugann léargas breise ar dhán na Gaeilge i dtréimhse corraitheach den stair."

Lillis Ó Laoire, Eighteenth-Century Ireland; Iris an Dá Chultúr, 20 (2005)

"An introduction (pp x-xxxviii) places the material in context. It highlights its unjustifiably neglected significance as a repository of information for contemporary views on the war among sections of the population, overlooked in their own day by officialdom and afterwards by current historiography ... helpful features combine with a clarity of layout and typographical design to make the volume attractive to generalists ... and specialists alike. All will acknowledge the major contribution to the field that it represents."

Neil Buttimer, Irish Economic and Social History, XXXIII (2006)

"Morley's work - like that of Breandán Ó Buachalla, Éamonn Ó Ciardha, Cornelius Buttimer and Louis Cullen - has demonstrated that the rich seam of Irish-language material can be usefully mined by historians of society and culture and, consequently, students of popular politics and public opinion. In particular, Morley, by making texts available in an accessible form, has done a great service to his fellow historians."

Ultán Gillen, Field Day Review, 3 (2007)