Aodh Buí Mac Cruitín

Field Day Publications, 2012, x + 133 lgh.

Clúdach an leabhair

Bhí Aodh Buí Mac Cruitín (c.1680-1755) ar dhuine de na filí ba bhisiúla ó Chontae an Chláir a scríobh i rith an 18ú céad, cé gur chaith sé tréimhsí i mBaile Átha Cliath agus ar mhór-roinn na hEorpa. Tá sé de cháil air gurbh é an t-aon fhile Gaeilge é a chonaic dán dá dhéantús féin i gcló ó thús deireadh an 18ú céad, ach is é seo an chéad chnuasach dá chuid filíochta a foilsíodh riamh. Chum Aodh Buí idir dhánta siollacha do phátrúin, amhráin pholaitiúla do phobal níos leithne, agus dornán aistí ar théamaí pearsanta; gheofar rogha ionadaíoch dá shaothar ilghnéitheach anseo. Tá nótaí agus gluaiseanna curtha leis na dánta a mhíneoidh tagairtí stairiúla agus leaganacha doiléire do léitheoirí an lae inniu.

Tá an leabhar seo le ceannach go díreach ó na foilsitheoirí (tá PDF den leabhar ar díol cé go bhfuil an leabhar féin as cló) nó tríd an suíomh litriocht.com.

Clár an leabhair

Réamhrá
1. 'A Cholainn Chorra'
2. 'Marbhna Thiarna an Chláir'
3. 'Daoithe an Éithigh'
4. 'Do Mheathadar Gaeil'
5. 'Cuir Srian led Ghrá'
6. 'Beannaigh an Bárc'
7. 'Tabhair Foscadh Dom'
8. 'Fada do Léan a Leabhráin'
9. 'An Cuireat'
10. 'A Bhanba is Feasach Dom do Scéala'
11. 'Ar Chlann Tomáis'
12. 'Dá nDearbhadh Bean'
13. 'Barántas Aodha Bhuí'
14. 'Glaisbhirt Chúipid'
15. 'Do Thadhg Mac Conmara'
16. 'Aodh Buí i bhFlóndras'
17. 'Tréigidh bhur dTromshuan'
18. 'Aisling na dTrí Ré'
19. 'Ní Buan Brón go Bás Ollaimh'
20. 'D’Isibéal Ní Bhriain'
21. 'Lá Nollag'
Nótaí
Foclóir
Innéacs
Foinsí
Línte Tosaigh

Léirmheasanna

"Shocraigh Breandán Ó Buachalla ar shraith d'fhilíocht ná raibh teacht uirthi go saoráideach a chur ar fáil i bhfoirm shoiléir sholéite don bpobal. D'éirigh leis agus a chuid eagarthóirí an trá sin a fhreastal go slachtmhar. D'fhéadfá a áiteamh gurb é cnuasach Aodha Bhuí an cnuasach is tábhachtaí sa tsraith seo i dtaobh ná raibh teacht ar cheann go dtí so. Le fiche bliain anuas is mó de thrácht a deineadh ar fhilíocht Aodha Bhuí mar gheall ar a hábhar polaitiúil seachas ar an bhfilíocht féin mar ealaín. Tugann an t-eagrán seo deis don bpobal sásamh a bhaint as a chuid filíochta ealaíonta, ach chomh maith céanna osclaíonn sé doirse nua do staraithe ná raibh teacht saoraideach acu uirthi roimhe seo, agus is ar Vincent Morley atá a bhuíochas so ag dul."

Tomás L. Ó Murchú, Comhar, Iúil 2013.

"Léiríonn an saothar seo ag Morley an saibhreas léinn a bhain le duine de mhór-fhilí an tseachtú agus an ochtú haois déag in Éirinn. Cruthaíonn an domhantuiscint ag na filí sin ar stair, theanga agus chultúr na hÉireann (dá mba riachtanach a leithéid de chruthú ar chor ar bith) cad chuige a bhfuil staidéar ar shaothar filíochta an dá chéad sin chomh tábhachtach sin ... is é an buntáiste mór a bhaineann le sraith Field Day i gcoitinne agus leis an imleabhar seo go háirithe, go bhfuiltear ag iarraidh an oidhreacht sin a thabhairt chun solais ar bhealach a mheallfaidh daoine chun dul i ngleic go fonnmhar arís le saothar filíochta na tréimhse atá i gceist."

Ciarán Mac Murchaidh, Studia Hibernica, 38 (2012).

"I ndán 17 a bhreac an Cruitíneach i dtosach an fhoclóra Béarla-Gaeilge, d'áitigh sé go gcaithfí greim a choimeád ar stair na hÉireann trí chúram a dhéanamh de litríocht na Gaeilge. Sin é atá déanta go críochnúil ag an eagarthóir sa leabhar seo, mar creideann sé féin go diongbháilte i dtábhacht na Gaeilge don té ar mian leis stair na hÉireann a scríobh, teoiric a chuir sé ar aghaidh ina leabhar Ó Chéitinn go Raiftearaí: mar a cumadh stair na hÉireann (Coiscéim, 2011).
     Theastaigh ó Bhreandán Ó Buachalla díriú ar an mac léinn tríú leibhéal, agus ar an léitheoir cothrom sa tsraith 'Filí', trí rogha ionadaíoch de shaothar fhilí Gaeilge ón tréimhse 1700-1900 a chur ar fáil. Aimsítear an sprioc sin go cruinn sa leabhar seo ar Aodh Buí."

Úna Nic Éinrí, Eighteenth-Century Ireland; Iris an Dá Chultúr, 28 (2013).

"Deir an t-eagarthóir, Vincent Morley, linn gurb é is príomhaidhm don tsraith seo ná saothair na bhfilí nach raibh teacht air go saoráideach anois a chur ar fáil i bhfoirm shoiléir sholéite. Tá an aidhm sin curtha i gcrích go seoigh aige sa leabhar seo. Is tábhachtaí go mór é nuair a chuimhnímid gurb é seo an chéad chnuasach d'fhilíocht Aodha Bhuí a foilsíodh riamh ... Roghnaíodh dán is fiche don díolaim seo agus ba é sprioc a chuir an t-eagarthóir roimhe ná 'ilghnéitheacht fhilíocht Mhic Cruitín a léiriú'. Is maith an rogha a deineadh."

Eilís Ní Dheá, Éigse, XXXIX (2016)